RÁISEANNA BHAILE ÁTHA ÚLA [English translation]

Songs   2024-07-07 07:00:42

RÁISEANNA BHAILE ÁTHA ÚLA [English translation]

Tá scéal agam le hinnsint is ná smaoinidh gur bréag é,

Cé gur fada táimid síos aige síolrach na méirleach

Beidh prócadóirí Gallda go fannlag gan éifeacht

Gan chlú, gan mheas, gan séan, gan rath, gan bia, gan deoch, gan éadach.

Preabhaidh in bhur seasamh is árduídh bhur n-inntinn,

Tá an deachú leis a' bhfán is gan fail chasta choíche air,

Ruaigfimid na h-Órangemen 'gus déanfaimid a ndíbirt;

Beidh ministry fé bhrón is a ndóirse aca dúnta -

'S ba bhinne leat an lá úd ná Ráiseanna Bh'l Áth' Úla

Ar an nGort Rua do thuit ár gcómharsain le h-órduithe láimhte,

Beidh Ríocht gheal na Glóire go deo aca mar árus;

Beidh Dia mór na gCómhacht ann i gcóir go fuíom sásamh,

Go gcrochtar iad le córda nó go ndóitear 'n-a gcnámhnaibh.

Má thigid na sméirligh saor abhaile ón gcúis seo,

Beifar 'n-a gcóir fós, mo bhrón-sa! Lá an Chúntais;

Beidh fuil na bhfiréan idir an soéir is a súile,

Beidh an dial is a ghárda dá n-árdach chun siúil leis -

'S ba bhinne leat an lá úd ná Ráiseanna Bh'l Áth' Úla

Le trí chéad bliain d'fhág Séamus bréan ár n-aigne go buartha,

Fé bhrón, fé smacht, gan choir, gan cheart,

Ach allus le n-ár ngruanaibh,

ár n-Eaglais a' léamh Aifrinn le h-anaither i ngleanntaibh,

'S a dtréada 'dul ar strae aca gach éan[aon]-mhaidin Domhnaigh,

Anois tá eagla ar chách gur i lár do bheidh i dteampuill,

Tá prapaí fé sna fallaí aca le h-anaither 's le sgannra.

Beidh gach cloch is reacht aca caite thar a chéile

Beidh minstrí ar lár is a gcnámha briste brúite

'S ba bhinne leat an lá úd ná Ráiseanna Bh'l Áth' Úla

See more
Irish/Scottish/Celtic Folk more
  • country:
  • Languages:English, Welsh, Gaelic (Scottish Gaelic), Gaelic (Irish Gaelic)+3 more, English (Scots), Other, Cornish
  • Genre:Folk
  • Official site:
  • Wiki:https://en.wikipedia.org/wiki/Celtic_music
Irish/Scottish/Celtic Folk Lyrics more
Irish/Scottish/Celtic Folk Also Performed Pyrics more
Excellent Songs recommendation
Popular Songs
Copyright 2023-2024 - www.lyricf.com All Rights Reserved