An Drúcht Geal Ceo lyrics

Songs   2024-07-02 10:40:39

An Drúcht Geal Ceo lyrics

1.

Ag gabhail síos an ghleann dam faoi chois na grann.

Go dtí’n chathair aoibhinn shuairc

Bhí na slóighte teann leis na mílte lann

Ag teacht aníos gan ghruaimh

Ní rabh crónán caoin as bealaibh píob

No dromaí ag tógailt gleo

Ach an chlog go glinn ag cuir fáilte bhinn

Roimhe’n Aingeal ins an drúcht gheal ceo

2.

Chroch siad in áirde a mbrát go hárd

Os cionn caisleán Baile-Atha-Cliath

Níor nídh leo bas fhághail ag Saddle Bar

Agus Éire indiaidh i bpian

As lár na Midhe sé ghluais an sgaoth

De na laochraidhe liomtha beo

Agus slóighte gall ag bailliughadh anall

A gcuid gunnaí ins an drúcht geal Ceo.

3.

Chuaidh an ghrian i luighe agus thuit an oidhche

Acht níor ísligh an chomhrac teann

Bhí na teinnte doghadh ag na gaedhil go fóill

As ag deallradh ar thaobh na lann

Bhí gach duine guidhe (guidhe) nach mealladh a chroidhe

As an teangbhail tréan go deo

Act le banughadh an lae bhí a mbrát gan bheám

Ag cratadh ins an drúcht gheal Ceo.

4.

Se plúr na laoch a thuit faraor i mbriseadh cruaidh na Caisg

‘S d’fhág siad sinn go cráidhte tinn

Ag eagcaoin fá na mbás

Bhí súile’n t-saoghail ag breatnughadh an gníomh

Rinne clann na nGaedheal san gleo.

No léon a gheag fá sholus ghle ghil

Fá shaoirshe ins an drúcht geal Ceo.

5.

Ar shiubhal mar chadhain mó chreach ‘s mó léan

Tá na ceadtaí curtha cruaidh

Tá a gcnámha sinté ag Sola’n tSín

No fa chosta na mara ó thuaidh

Dá bfuigheadh siad bas sa bhaile ar lár

Le Piaras tá indiú sa ghlór

Bhéadh a n-Uaigh faoi’n tsliabh imeasg na bhFian

Mar a scaipeann an drúcht geal Ceo.

6.

Chuaidh me síos an ghleann arís

‘Gus mó chroidhe bocht lan de bhrón

Is me sgárta coidhche ó plúr na laoch

Nac bhfeicinn arís níos mo

I lár na h-oidhche bím se guidhe

Le mó chomhnaidhe a bhéith sa ghlór

No ruaigh sibh an tráill a fheara fáil

Nuair a thuit sibh ins an drúcht geal Ceo.

See more
Irish/Scottish/Celtic Folk more
  • country:
  • Languages:English, Welsh, Gaelic (Scottish Gaelic), Gaelic (Irish Gaelic)+3 more, English (Scots), Other, Cornish
  • Genre:Folk
  • Official site:
  • Wiki:https://en.wikipedia.org/wiki/Celtic_music
Irish/Scottish/Celtic Folk Lyrics more
Irish/Scottish/Celtic Folk Also Performed Pyrics more
Excellent Songs recommendation
Popular Songs
Copyright 2023-2024 - www.lyricf.com All Rights Reserved