Fuigfidh Mise An Baile Seo lyrics

Songs   2024-06-03 00:20:38

Fuigfidh Mise An Baile Seo lyrics

Fuígfidh mise an baile seo mar tá sé dubhghránna

'S rachaidh mé go Connachta nó siar go Laighean Uí Eára

An áit a bhfaighidh mé póg ó mo stór is míle fáilte

Sealbhán deas bó is cead mo phósadh ar a' táiliúir.

A Mhuire, nach mé an truaí 's mé pósta ar a' sclábhaí

Nach ligeann amach 'un Aifrinn mé lá saoire nó Dé Domhnaigh

Nach dtigeadh go tigh a' leanna liom 's nach n-ólfadh gine óir liom

'S nach dteannfadh lena chroí mé mar dhéanfadh an buachaill óg liom.

Thíos a chois na fairraige atá mé féin 'mo chónaí

A' síordhéanamh lionndubh ó mhaidin go trathnóna,

Is mé ag smaoineamh ar mo stóirín a bhíodh í gconaí caint liom

'S ar chuala sibh mar seoladh mé go h-óg a dhéanamh m'aimhlis?

Pósadh go hóg mé mar gheall ar na puntaí

Lán mo dhá láimh is níor shásaigh 'riamh m'intinn

Nach trua nach dtig an reacht amach mar thiocfadh ar bha 's n'ar chaoirigh

An té nach dtaitneodh an margadh leis a sheoladh ar ais 'un aonaigh.

Fuígfidh mise an baile seo mar tá sé dubhghránna

'S rachaidh mé go Connachta nó siar go Laighean Uí Eára

An áit a bhfaighidh mé póg ó mo stór is míle fáilte

Sealbhán deas bó is cead mo phósadh ar a' táiliúir.

See more
The Johnstons more
  • country:Ireland
  • Languages:English, English (Scots), Gaelic (Irish Gaelic)
  • Genre:Folk, Pop-Folk
  • Official site:
  • Wiki:https://en.wikipedia.org/wiki/The_Johnstons
The Johnstons Lyrics more
Excellent Songs recommendation
Popular Songs
Copyright 2023-2024 - www.lyricf.com All Rights Reserved