Mo Ghile Mear

Songs   2024-06-29 01:10:10

Mo Ghile Mear

Seal da rabhas i m' mhaighdean shéimh,

's anois i' m' bhaintreach chaite thréith,

Mo chéile ag treabhadh na dtonn go tréan

De bharr na gcnoc is i n-imigéin.

curfa:-

'Sé mo laoch, mo ghile mear,

'sé mo chaesar, gile mear,

suan ná séan ní bhfuaireas fhéin

ó chuaigh i gcéin mo ghile mear.

Bímse buan ar buairt gach ló,

ag caoi go cruaidh 's ag tuar na ndeór

mar scaoileadh uaim an buachaill beó

's ná ríomhtar tuairisc uaidh, mo bhrón.

curfa

Ní labhrann cuach go suairc air neóin

is níl guth gadhair i gcoillte cnó,

ná maidín shamhraidh i gleanntaibh ceoigh

ó scaoileadh uaim an buachaill beó.

curfa

Marcach uasal uaibhreach óg,

gas gan gruaim is suairce snódh,

glac is luaimneach, luath i ngleo

ag teascadh an tslua 's ag tuargain treon.

curfa

Is cosúil é le hAonghus Óg,

le Lughaidh Mac Chéin na mbéimeann mór,

le Conchubhar cáidhmhac Náis na nós,

taoiseach aoibhinn Chraoibhe an cheoil.

curfa

Ach seinntear stair ar chlairsigh cheoil

is líontair táinte cárt ar bord

le hintinn ard gan chaim, gan cheo

chun saoghal is sláinte d' fháil dom leon.

curfa

ó luadh i gcéin mo ghile mear.

See more
Iarla Ó Lionáird more
  • country:Ireland
  • Languages:Gaelic (Irish Gaelic)
  • Genre:Folk
  • Official site:http://www.iarla.com/
  • Wiki:https://en.wikipedia.org/wiki/Iarla_Ó_Lionáird
Iarla Ó Lionáird Lyrics more
Iarla Ó Lionáird Featuring Lyrics more
Excellent Songs recommendation
Popular Songs
Copyright 2023-2024 - www.lyricf.com All Rights Reserved